Tá an eagraíocht 'Give us the night' a dhéanann ionadaíocht ar oibrithe i gclubanna oíche cáinteach faoi rialacháin Covid agus faoi nach bhfuil aon phlean ag an Rialtas an tionscail a oscailt arís.

Creideann an eagraíocht gurb é an toradh a bheidh ar sin go dtiocfaidh borradh faoi imeachtaí nach mbeidh aon ord ná eagar orthu.

Tá litir seolta aige chuig an Taoiseach agus an Tánaiste.

Deirtear ann gurb é a thionscail siúd an t-aon cheann atá fanta nach bhfuil aon dáta luaite maidir lena athoscailt.

Tugtar le fios sa litir nach dtuigeann an Rialtas cén chaoi a n-oibríonn an tionscail.