'Mí-iompar a bhí sa mbealach ar láimhseáileadh ceapachán Zappone'

Sin a dúirt an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar,Eamon Ó Cuív ar an gclár de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, Adhmhaidin ar maidin.

Dúirt Eamon Ó Cuív go raibh sé soiléir nach raibh an Taoiseach,Micheál Martin compórdach faoin gceapachán ag an gCruinniú Rialtais an tseachtain seo caite.

Dúirt sé go dteastaíonn muinín go géar in aon chomhrialtas agus 'nár cheart nach mbeadh eolas ag an Taoiseach faoi chásanna den tsórt seo'.

D'fhógair Katherine Zappone inné nach mbeadh sí ag glacadh anois leis an bpost mar thoscaire speisialta chun na Náisiún Aontaithe ar shaoirse cainte de bharr na conspóide ar fad a bhí tarraingte ag an gceapachán.