Tá an eagraíocht Fáilte Ireland i mbun cruinnithe le hoifigigh Rialtais leis an eolas is deireanaí a fháil faoina treoirlínte sláinte poiblí agus le soiléiriú a fháil faoin leagan amach atá ar imeachtaí lasmuigh.

Dúirt Cónaidhm Óstán na hÉireann (IHF) go raibh súil anois aige go maolódh na srianta Covid tuilleadh ar ócáidí laistigh agus lasmuigh i ndiaidh an athbhreithnithe seo.

D'iarr Príomhfheidhmeannach Chumann Bialanna Éireann, Adrian Cummins gur chóir treoirlínte a bheadh tugtha chun dáta a fhoilsiú inniu, sa chaoi is go mbeidh lucht gnó in ann pleanáil do chuistiméaraí breise.

Adrian Cummins ó Chumann Bialanna Éireann

Tá go leor conspóide agus ceisteanna tagtha chun cinn ó fuarthas amach gur eagraigh an t-iar Aire Rialtais, Katherine Zappone ócáid amuigh faoin aer ag Óstán an Merrion i mBaile Átha Cliath ag a raibh 50 duine i láthair.

Dúirt an Rialtas go raibh sé sna rialacha ag an am go bhféadfadh suas le 200 duine a bheith i láthair ag ócáidí amuigh faoin aer.

Deir Sinn Féin áfach go bhfuil dochar mór déanta ag an Rialtas dá chomhairle fhéin i dtaca le sláinte phoiblí dhe mar a mhínigh an Teachta Dála, David Cullinane ar an gclár raidió de chuid RTÉ,Morning Ireland ar maidin.

Dúirt an Teachta Cullinane freisin go raibh ceisteanna fós le freagairt ag an Tánaiste,Leo Varadkar faoin ócáid a reachtáil Katherine Zappone.

Dúirt an tAire Stáit Fianna Fáileach,Niall Collins áfach go raibh an ócáid a d'eagraigh Katherine Zappone ag teacht le rialacháin Covid mar a sheasann siad, agus gur shoiléirigh an tArd Aighne an méid sin inné.