Tá Kellie Harrington tar éis bonn airgid ar a laghad a chinntiú ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceó.

D'éirigh léi an lámh in uachtar a fháil ar a céille comhraic Sudaporn Seesondee sa bhabhta leathcheannais ar maidin.

Sa rannóg éadrommheáchan atá bean Bhaile Átha Cliath i mbun iomaíochta agus bhuaigh sí ar phointí in aghaidh dornálaí na Téalainne.

Beidh sí ag troid anois ar son an bhoinn óir sa bhabhta ceannais ag a 6 a chlog am na hÉireann maidin Dé Domhnaigh.

Beatriz Ferreira ón Bhraisíl a bheidh ina coinne.

Faraor, níor éirigh le Andrew Coscoran an babhta ceannais de rás 1500 méadar na bhfear a bhaint amach.

Díomá le feiceáil ar Andrew Coscoran

Sa 10ú háit a chríochnaigh an fear 25 bliain d'aois ó Chontae Bhaile Átha Cliath sa rás leathcheannais de na Cluichí Oilimpeacha tráthnóna.

Seo an chéad uair ag Coscoran, ó Bhaile Brigín, i mbun iomaíochta ag na cluichí.

3:35.84 an t-am a bhí aige inniu.