Thug an giúiré ag an gcoiste cróinéara faoi bhás Mark O'Sullivan i gCo.Chorcaí anuraidh a mbreith inniu, ag rá gur marú neamhdhleathach a bhí i gceist.

Thaifead an giúiré freisin gur féinmharú a bhí i mbásanna Dhiarmuid agus Thadg O'Sullivan.

Dúirt an Coiste Cróinéara do Thuaisceart Cho.Chorcaí gur dheacair ciall a bhaint as ar tharla an lá tragóideach sin in Ath Solas, lámh le Ceann Toirc i nDeireadh Fómhair 2020.

Teach feirme mhuintir O'Sullivan i gCeann Toirc, an láthair inar tharla na heachtraí uafáis seo

Dúradh ag an gcoiste seo i Mala gur scaoileadh 7 n-urchar le Mark O'Sullivan, agus go mba léir gurbh é a dheartháir Diarmuid (23) agus a athair Tadg (59) a bhí freagrach.

Fuarthas corp an fhir, a bhí 26 bliain d'aois ina sheomra codlata, maidin an 26 Deireadh Fómhair, i ndiaidh dá mháthair teitheadh ón láthair agus fios a chur ar na gardaí.

Thángthas ar chorp na beirte eile an tráthnóna céanna sin, i bhfoisceacht 500 méadar ón teach feirme.