Dúirt an t-iar Aire Rialtais Katherine Zappone nach bhfuil sí chun glacadh lena ceapachán mar thoscaire speisialta chun na Náisiún Aontaithe (UN).

Tá páirtithe an fhreasúra cáinteach le tamall faoin bpróiseas ceapachán don phost.

Chuige sin i ráiteas tráthnóna, dúirt Katherine Zappone go raibh an cáineadh seo a bhí á dhéanamh ag baint ó dhlisteanacht an phoist.

Níl Katherine Zappone ag glacadh le post na toscaireachta speisialta anois

'Níl aon luach ag an gcineál seo poist mura bhfuil tacaíocht na bpáirtithe uilig i nDáil Éireann aige' a dúirt an t-iar Aire Leanaí.

Is é an Rialtas a cheap í le bheith mar thoscaire speisialta ar shaoirse tuairimíochta chuig an UN.

Chosain an Tánaiste Leo Varadkar an ceapachán, ag rá gur post onórach a bhí ina léithid agus nár ghá é a fhógairt go poiblí.

Dúirt Sinn Féin áfach gur léir go raibh fabhar polaitiúil i gceist, agus nár chóir do Katherine Zappone glacadh leis an gceapachán.

Tá tuilleadh conspóide tagtha chun solais faoin iar-aire seo anois i dtaca le hócáid a reachtáil sí in Óstán an Merrion i mBaile Átha Cliath roinnt laethanta sula ndearnadh an ceapachán.

Deir Katherine Zappone gur cuireadh in iúl di nach raibh aon srianta ná treoirlínte Covid á sárú i dtaobh na hócáide seo lasmuigh ag Óstán an Merrion

Bhí suas le 50 duine i láthair, ina measc an Tánaiste,Leo Varadkar.

Óstán an Merrion i lár chathair Bhaile Átha Cliath

I ráiteas gairid ón iar-Aire Zappone, dúirt sí gur gheall Óstán an Merrion di nach raibh aon dlí á bhriseadh le heagrú na hócáide.

Dúirt sí gur cheart aon cheisteanna eile maidir leis an ócáid seo a chur ar an óstán féin.

An Tánaiste, a bhí i láthair ag ócáid a d'eagraigh Katherine Zappone agus a chosain a ceapachán chun an UN

Dúirt an Teachta Dála Matt Carthy (Sinn Féin) gur chóir don Tánaiste míniú a thabhairt ar an bhfáth a raibh seisean i láthair ag an ócáid seo, a bhí ag sárú 'spiorad na srianta Covid' mura raibh tada eile.