Tá aerlíne Aer Lingus tar éis comhaontú saincheadúnais 10 mbliana a shíniú le Emerald Airlines.

Tá sé i gceist go gcuirfeadh Emerald seirbhísí réigiúnda Aer Lingus ar fáil ó Eanáir 2023.

Is ag freastal ar aerfoirt réigiúnacha sa Ríocht Aontaithe,Oileán Mhanainn agus Jersey ó oileán na hÉireann a bheidh Emerald.

Bhíodh an comhlacht Stobart Air i mbun na cúraime sin go dtí gur dhún sé go tobann i mí an Mheithimh.

Tá Aer Lingus i mbun comhráití le Emerald faoi láthair, le súil is go bhféadfaí an socrú nua seo a chur i bhfeidhm ar dháta níos luaithe.