Tá an lúthchleasaí ón mBealarúis, Krystsina Tsimanouskaya, tar éis an tSeapáin a fhágáil agus í ar a bealach chun na hOstaire.

Bhíothas ag ceapadh gur chun na Polainne a ghabhfadh sí,ó bhí an tír sin tar éis víosa daonnachta a bhronnadh uirthi.

Cosaint á fáil arú inné ag Tsimanouskaya (lár báire) ó phóilíní na Seapáine

Ach dúradh ar maidin gur ar bord eitleán ó Toiceó chuig an Vín atá sí curtha, agus gur athraigh taighleoirí a heitilt ar mhaithe lena sábháilteacht féin.

D'ordaigh údaráis na Bealarúise go bhfillfeadh Tsimanouskaya abhaile ag an deireadh seachtaine, ag maíomh go raibh siad imníoch faoina sláinte ó dhiúltaigh sí páirt a ghlacadh i rás breise ar an Luan.

Maíonn Tsimanouskaya áfach go mbeadh a beatha i mbaol dá rachadh sí chuig a tír dúchais, ó cháin an reathaí Coiste Oilimpeach a tíre ar na meáin shóisialta.

Tá droch-cháil amuigh ar Uachtarán na Bealarúise,Alexander Lukashenko i dtaca le mí-úsáid chearta daonna ó tháinig sé i gcumhacht sa tír sin i 1994.