Tá saineolaithe dlí i gColáiste na Tríonóide,Baile Átha Cliath ag iarraidh ar an Rialtas soiléiriú a thabhairt ar an gcaidreamh atá aige leis an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Phoiblí (NPHET).

Teastaíonn uathu go míneodh an Rialtas an próiseas a leanann sé i dtaca le srianta poiblí a chur i bhfeidhm.

Tá tuarascáil foilsithe ag na saineolaithe seo ina gceistíonn siad cinntí áirithe atá déanta ag an Rialtas ó thús na paindéime seo a bhuíochas dó a bheith imithe i gcomhar le NPHET.

Maítear ann go bhfuil easpa trédhearcachta bainteach le cuid mhaith de na cinntí móra atá glactha ag an Rialtas i dtaca le sláinte phoiblí ó Mhárta 2020.