Dúirt Ard Easpag Caitliceach Bhaile Átha Cliath,an Dochtúír Dermot Farrell gur féidir le sagairt cóineartaithe agus céad chomaoinigh a reachtáil sa deoise ainneoin gurb í an chomhairle óna húdaráis sláinte faoi láthair gan a léithid a dhéanamh.

Is é an Dochtúir Farrell an 7ú easpag a bhfuil sé ráite aige go bhféadfaí dul chun cinn leis na searmanais, an t-easpag is sinsearaí san Eaglais Chaitliceach in Éirinn go dtí seo lena léithid a rá.

An Dochtúir Dermot Farrell

Tá sé tar éis litir a sheoladh chuig 200 paróiste san ard-deoise á cheadú seo do na sagairt má bhraitheann siadsan go bhfuil sé sábháilte dul chun cinn.

Dúirt sé go raibh na treoirlínte sláinte phoiblí faoi láthair 'leatromach'.

Tá aird mhór tarraingte ar an gceist seo ó d'fhógair Easpag Ail Finn,Kevin Doran Dé hAoine seo caite go mbeadh seisean ag ceadú do na searmanais dul chun cinn beag beann ar an gcomhairle ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Phoiblí (NPHET).