Tá 1,015 cás nua Covid 19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte. Tá 178 duine san ospidéal inniu leis an ngalar, duine sa mbreis i gcomparáid leis an lá inné. Tá 29 duine san aonad dianchúraim le Covid 19, ardú beirte ón lá inné.

Tá sé ráite ag an bPríomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte, an Dochtúir Tony Holohan go gcaithfidh daoine atá ag léiriú comharthaí sóirt Covid 19 fanacht sa mbaile, fiú más rud é go bhfuil siad iomlán vacsaínithe.

"Tá eolas ag teacht chugainn ó dhochtúirí ar fud na tíre faoi ráigeanna a thosaigh ar dtús tar éis do dhaoine a raibh comharthaí sóirt orthu freastal ar a n-oifig, ar bhialanna nó ar ócáidí sóisialta", a dúirt sé.

Thug sé le fios go bhfuil an baol ann go bhféadfadh duine amháin tús a chur le ráig mhór ina phobal féin dá ndéanfadh sé cinneadh bualadh le cairde agus fios aige go bhfuil comharthaí sóirt air agus go gcaithfidh daoine machnamh a dhéanamh air sin sula dtéann siad amach.