Tá sé fógartha ag an Taoiseach, Micheál Martin, go bhfuil margadh déanta leis an Rómáin chun 700,000 dáileog den vacsaín de chuid Pfizer-BioNTech a cheannach ón tír sin.

Dúirt sé go raibh lúcháir air an scéal seo a fhógairt agus go gcuirfidh an lear mór dáileog seo dlús faoin gclár vacsaínithe in Éirinn. Thug sé le fios go bhfuil an-rath ar an gclár vacsaínite cheana féin sa tír seo agus go bhfuil an pobal ag tacú go mór leis. Chuige sin, a dúirt sé, ba ghá níos mó dáileog a cheannach chun freastal ar an éileamh.

Seachadófar na dáileoga chun na hÉireann an mhí seo.

Chuir urlabhraí ar son an Taoisigh soiléiriú ar fáil go bhfuil na 700,000 vacsaín seo mar chuid den chomhaontú a bhí déanta cheana féin leis an Rómáin go gceannódh rialtas na hÉireann milliún dáileog uathu. Rinneadh an comhaontú sin ag tús mhí Iúil, tráth a bhí cainteanna idir an Taoiseach agus Uachtarán na Rómáine, Klaus Iohannis. Socraíodh i ndiaidh na gcainteanna sin i bprionsabal go gceannódh Éirinn milliúin dáileog ón Rómáin.