Fuair breis agus 30,000 duine a gcéad dáileog den vacsaín de chuid Pfizer-BioNTech sna hionaid vacsaínithe siúil isteach a cuireadh ar bun go sealadach thar an deireadh seachtaine saoire bainc.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Paul Reid, go raibh an-éileamh ar na hionaid seo agus go mb'fhéidir go mbunófar arís iad ar bhonn sealadach uair éigin eile amach anseo dá bharr.

Tá súil go gcuirfear tús le vacsaíniú ar leanaí san aoisghrúpa 12-15 sa gcoicís amach romhainn.

Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil na Feidhmeannachta, an Dochtúir Colm Henry, inné go gcaithfear roinnt fadhbanna a réiteach ar dtús ó thaobh an phróisis chlárithe ar líne de, cuir i gcás, tá foirmeacha toilithe le líonadh isteach ag tuismitheoirí.

Inné, fógraíodh go raibh 1,352 cás nua ann. Tá 177 duine san ospidéal, 27 acu siúd atá san aonad dianchúraim.