Tá sé deimhnithe go bhfuil ardú le teacht ar líon na ndaoine gur féidir leo freastal ar chluichí móra tábhachtacha sna míonna amach romhainn.

I bPáirc an Chrócaigh, beidh cead ag 40,000 duine a bheith i láthair ag cluichí ceannais na peile agus na hiománaíochta ag deireadh mhí Lúnasa. Beidh an iománaíocht ar siúl ar 22 Lúnasa agus beidh an pheil ar siúl ar 29 Lúnasa.

Ceadófar 24,000 duine ag na cluichí leathcheannais, a bheas ar siúl ón deireadh seachtaine seo chugainn.

Idir an dá linn, ceadófar 25,000 duine i Staid Aviva ag na cluichí cáilithe don Chorn Domhanda. Beidh Poblacht na hÉireann ag imirt i gcoinne na hAsarbaiseáine ar 4 Meán Fómhair agus i gcoinne na Seirbia ar 7 Méan Fómhair.

Tagann an fógra seo sna sála ar shraith cruinnithe a bhí idir an rialtas agus eagraíochtaí spóirt, maidir lena lucht féachana a mhéadú ag imeachtaí beo.

Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as cúrsaí spóirt, Jack Chambers, inniu go bhfuil ríméad air an scéal seo a fhógairt. Is léiriú é, a dúirt sé, ar an dul chun cinn atá déanta ag an tír seo ó thaobh smacht a fháil ar leathadh Covid 19.