Tá na céadta míle duine sa tSín faoi dhianghlasáil anois, de bharr na ráige is measa Covid 19 sa tír sin le míonna anuas.

Tá na húdaráis ag déanamh tástálacha ar na milliúin duine i ndiaidh ráige in aerfort i gcathair Nanjing coicís ó shin.

Léirigh an rianú teagmhálaithe a rinneadh ar chásanna nua gur scaip an galar amach ón ráig sin go dtí cúig chúige eile agus chomh fada le príomhchathair na Síne, Béising.

Tá baint, meastar, ag 206 cás nua leis an ráig sin, agus ó thaobh na tíreolaíochta de, tá an ráig seo ar an ráig is forleithne le míonna.

Is é polasaí na Síne ó thaobh Covid 19 de ná líon na gcásanna a choimeád chomh cóngarach do náid agus is féidir. Mar sin, aon uair a bhíonn ráig, cuirtear dianghlasáil i bhfeidhm go forleathan agus déantar tástálacha agus rianú teagmhálaithe ar an mórchóir.

Scaipeann an t-athraitheach Deilte níos gasta ná géarshiondróm trom riospráide (SARS), Ebola agus bolgach agus chomh gasta céanna le deilgneach, dar le tuarascáil de chuid an Lárionaid Náisiúnta um Ghalair a Chosc sna Stáit Aontaithe.

Is é an t-athraitheach deilte is cúis leis an ardú tobann atá tagtha ar ráigeanna ar fud an domhain le gairid, go háirithe i réigiúin an Aigéin Chiúin agus na hÁise.