Tá suíomh idirlín nua le seoladh níos deireanaí inniu ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun freastal ar dhaoine ar mhian leo seirbhísí fáilteachais taobh istigh a úsáid agus a bhfuil ceisteanna acu faoina dteastas digiteach Covid 19.

Tuigtear go bhfuil an líne chabhrach a cuireadh ar bun chun deileáil le ceisteanna faoi theastais digiteacha báite i nglaonna ó dhaoine atá ar thóir a dteastas chun go mbeidh siad in ann greim a ithe nó deoch a ól taobh istigh i mbialanna nó i dtithe tábhairne.

Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an rialtas, áfach, nár chóir fios a chur ar an líne chabhrach sin mura bhfuil sé i gceist agat dul thar lear sa deich lá amach romhainn.

Mura bhfuil teastas digiteach agat go fóill, is féidir cárta vacsaínithe a úsáid chun dul isteach i mbialann.

Tríd an suíomh idirlín nua, beifear in ann sonraí a athrú, cuir i gcás, seoltaí ríomhphoist a athrú. Tuigtear gur de bharr a seoltaí a bheith míchruinn go bhfuil moill ar sheachadadh teastais go leor daoine.

Tuigtear go ndéanfar tuilleadh foirne a earcú an tseachtain seo chugainn le dul i ngleic leis na riaráistí móra atá i gceist leis an líne chabhrach.

Níos luaithe inniu, ghabh an tAire Stáit, Ossian Smyth, leithscéal leis na daoine atá tar éis na huaireanta a chaitheamh ag fanacht ar an líne chabhrach.