Tá sé deimhnithe go mbuafaidh foireann na hÉireann bonn Oilimpeach eile i dTóiceo tar éis don dornálaí Aidan Walsh áit a fháil sa troid leathcheannais den chomórtas marmheácháin.

D'éirigh leis an lámh in uachtar a fháil go ceannasach agus go muiníneach ar Merven Clair ó Oileán Mhuirís sa troid ceathrú ceannais den chomórtas.

Dar le triúr moltóirí, bhuaigh Walsh an troid 30-27; bhuaigh Walsh 29-28, dar le moltóir amháin eile; bhí an cúigiú moltóir den tuairim gur bhuaigh Clair an cluiche, 29-28.

Ciallaíonn sé seo go mbuafaidh Walsh bonn cré-umha, ar a laghad.

Tabharfaidh sé aghaidh ar Pat McCormack ón mBreatain Dé Domhnaigh. Má bhuann sé an troid sin, bainfidh sé áit amach sa gcluiche ceannais agus beidh bonn airgid, ar a laghad, aige.

Is as Béal Feirste ó dhúchais d'Aidan Walsh agus tá sé 24 bliain d'aois.