Tá bean, 29 bliain d'aois, cúisithe maidir le dúnmharú linbh i mBéal Feirste Dé Máirt.

Fuarthas corp Liam O'Keefe i dteach i bPáirc an Ghleanna Aird i gceantar Ard Eoin i dtuaisceart na cathrach ag thart ar 8.15 an oíche sin.

Gortaíodh leanbh eile san eachtra. Tá an bhean chéanna cúisithe maidir le hiarracht a dhéanamh an leanbh sin dhúnmharú.

Tuigtear gur baineadh gortuithe tromchúiseacha don leanbh sin agus go bhfuil bail sheasamh air faoi láthair.

Beidh an bhean os comhair na cúirte inniu.