D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 1,361 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

Tá 160 othar le Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, sin ochtar níos mó ná inné. Tá 26 duine acu in aonaid dianchúraim, mar a bhí inné.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan go gcaithfear an ráta vacsaínithe a ardú tuilleadh agus d'achainigh sé ar dhaoine meabhrú dá gcairde agus lucht aitheantais an vacsaín a fháil.

Is féidir le haon duine os cionn sé bliana déag clárú don vacsaín anois, a dúirt sé.

Dearbhaíodh inniu chomh maith go bhfuair beirt eile le Covid-19 bás sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,471 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,178 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 154,167 duine ó thús na paindéime.

Tá 234 othar le Covid-19 in ospidéil ó thuaidh, sin deichniúr níos lú ná inné. Tá 31 acu in aonaid dianchúraim, sin duine níos lú ná inné.