Dúirt ceannaire an Chomhaontais Ghlais, an tAire Rialtais Éamon Ryan, gur dóigh leis go bhfillfidh go leor oibrithe ar a gcuid oifigí ó mhí Mheán Fómhair amach agus srianta Covid-19 á maolú de réir a chéile.

Mhaígh Éamon Ryan go gcuireann an clár náisiúnta vacsaínithe ar chumas an Rialtais tuilleadh srianta a mhaolú agus go mbeidh obair in oifigí ar cheann de na chéad cheisteanna a réiteofar.

Ag labhairt dó ar RTÉ, thug sé le fios go bhfuil sé i gceist go bhfillfidh oibrithe ar an oifig de réir a chéile seachas gach lá sa tseachtain ar an gcéad ásc.

Dúirt Éamon Ryan go bhfuil an Rialtas thar a bheith sásta leis an gclár vacsaínithe agus go bhfuil an vacsaín faighte ag céatadán níos airde daoine sa tír seo ná sna Stáit Aontaithe. Is gearr freisin, a dúirt sé, go mbeidh an céatadán níos airde ná an Bhreatain.

Caithfear díriú anois chomh maith ar na coláistí tríú leibhéal agus ar an earnáil ealaíon, a dúirt sé.

Tá fochoiste Covid-19 an Rialtais le teacht le chéile arís seachtain ó amárach le maolú tuilleadh srianta a phlé.

Tráthnóna, dúirt an Taoiseach Micheál Martin nach gcaithfidh oibrithe vacsaín Covid-19 a bheith faighte acu sula ligfear isteach in oifigí arís iad.