Tugtar le fios i dtuarascáil taighde a foilsíodh inniu go bhfuil céatadán an-bheag de theaghlaigh na Gaeltachta ag tógáil a gclann le Gaeilge.

De réir an taighde, is 2,889 teaghlach atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht. Sin 23% den 12,586 teaghlach atá ina gcónaí sa Ghaeltacht.

Is thar ceann na heagraíochta pobail Tuisimitheoirí na Gaeltachta a cuireadh an tuarascáil taighde i dtoll a chéile.

Dúirt an eagraíocht go bhfuil na figiúirí bunaithe ar Dhaonáireamh 2016 agus gur chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh an fhaisnéis ar fáil go heisiach don lucht taighde.

Tugadh faoin taighde, a dúradh, le léiriú a thabhairt - de réir na bhfoinsí eolais atá ann cheana féin - ar líon na dteaghlach sna limistéir oifgiúila Gaeltachta a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil.

Deirtear ann go labhraíonn 16% de dhaoine óga faoi bhun 18 bliain sa Ghaeltacht, go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Sin 4,090 den líon iomlán 25,207 duine óg atá ina gcónaí sa Ghaeltacht.

Is Tuismitheoirí na Gaeltachta a rinne coimisiúnú ar an taighde "Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta" agus is foireann taighdeoirí ó Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach a chuir é i dtoll a chéile. Roinn na Gaeltachta a chuir an maoiniú ar fáil.

Rinneadh scagadh sa taighde chomh maith ar 20 plean teanga le "léargas a thabhairt ar chleachtas teanga an teaghlaigh agus ar na seirbhísí agus na deiseanna a chuirtear ar fáil do theaghlaigh na Gaeltachta" agus tá roinnt moltaí déanta dá réir. I measc na moltaí sin, dúradh gur cheart:

- go ndéanfaí gach iarracht tacaíocht, treoir, agus agus comhairle a chur ar fáil don 2,889 teaghlach atá ag tógáil a gclann le Gaeilge ionas nach dtiocfaidh lagmhisneach orthu agus iad ag iarraidh an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile.

- taighde a dhéanamh ar na teaghlaigh nach labhraíonn Gaeilge sa teaghlach.

- go dtiocfadh na ranna, na heagraíochtaí, na cumainn agus na hoibrithe deonacha a bhíonn ag obair le teaghlaigh na Gaeltachta le chéile le plean cinnte a leagan amach agus go gcinnteodh na húdaráis go mbeadh maoiniú seasta ar fáil don phlean sin.

- fráma tagartha a chur le chéile le cur síos a dhéanamh ar an éagsúlacht atá le feiceáil ó thaobh cleachtas teanga i dteaghlaigh na Gaeltachta.

- imeachtaí sóisialta a eagrú a chuirfeadh riachtanais éagsúla na dteaghlach atá le feiceáil thuas san áireamh.

- go gcuirfí seirbhís ar fáil a chuideodh le tuismitheoirí feighlithe linbh a bhfuil Gaeilge acu a aimsiú agus a fhostú.

- go ndéanfaí tuilleadh taighde ar chuid de na ceisteanna móra a dtarraingítear aird orthu sa tuarascáil.

Dúirt ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta Sorcha Ní Chéileachair gur "tuarascáil chinniúnach í seo don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

"Tugtar léargas dúinn ar úsáid na teanga sa Ghaeltacht sa tuarascáil seo, bunaithe ar theaghlaigh seachas ar chainteoirí aonair agus cuireann sé bonnlíne ar fáil dúinn féin agus do lucht pleanála teanga i gcoitinne."

Thug ceann na foirne taighde an Dr Neasa Ní Chuaig le fios "go léiríonn na figiúirí seo an claonadh i dtreo an Bhéarla atá i dteaghlaigh na Gaeltachta agus an tacaíocht a bheidh ag teastáil uathu siúd ar mian leo a gclann a thógáil le Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta."

Ba é an tAire Stáit Gaeltachta Jack Chambers a sheol an tuarascáil i gConamara inniu.

Dúirt sé go bhféadfar leas a bhaint as a bhfuil sa tuarascáil le cuidiú le Tuismitheoirí na Gaeltachta cur leis na gníomhaíochtaí "a chuireann an eagraíocht ar fáil faoin bpróiseas pleanála teanga do theaghlaigh atá ag tógáil nó ag iarraidh a gclann a thógáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht."