Dhearbhaigh an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 1,408 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

Tá 152 othar le Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, sin deichniúr níos mó ná inné. Tá 26 duine acu in aonaid dianchúraim, le hais 27 inné.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan go bhfuil 2% de dhaoine a tholgann an galar á gcur in ospidéil.

Fógraíodh inniu chomh maith go bhfuair triúr eile le Covid-19 bás sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,600 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,176 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 152,696 duine ó thús na paindéime.

Tá 244 othar le Covid-19 in ospidéil ó thuaidh, sin duine níos mó ná inné. Tá 32 acu in aonaid dianchúraim, sin triúr níos mó ná inné.