Tá sé fógartha ag báireoir mór le rá na Gaillimhe Joe Canning go bhfuil sé ag éirí as an iománaíocht idirchontae.

D'imir fear Phort Omna a chluiche deireanach d'fhoireann na Gaillimhe i gCraobh na hÉireann Dé Sathairn seo caite, tráth a bhuail Port Láirge iad.

Scóráil Joe Canning naoi gcúilín an lá sin agus sháraigh sé curiarracht Henry Shefflin Chill Chainnigh don líon is mó scór i gCraobh na hÉireann.

27 cúl agus 485 cúilín atá scóráilte ag Joe Canning i 62 cluiche i gCraobh na hÉireann, gaisce nach sárófar go luath.

32 bliain d'aois atá Joe Canning agus dúirt sé inniu gurb iad na gortuithe a bhain dó i gcaitheamh na mblianta ba chúis lena chinneadh éirí as. Tá a ordóg agus a sháil tinn faoi láthair.

Chomh maith leis sin, a dúirt sé, níl sé ag iarraidh leanúint air ag imirt agus gan ann ach cur i gcéill.

Mar sin féin, a dúirt sé, tá aiféala nach é Cluiche Ceannais na hÉireann ar an 22 Lúnasa a chluiche deireanach i ngeansaí na Gaillimhe.