Tá sé deimhnithe ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly nach gcaithfidh leanaí a bheith vacsaínithe in aghaidh Covid-19 sula dtéann siad ar ais ar scoil ag deireadh an tsamhraidh.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt sé go neamhbhalbh nach bhfuil a leithéid á bheartú agus nach mbeidh sé á bheartú.

Inné, fógraíodh go bhfuiltear leis an vacsaín Covid-19 a chur ar fáil do leanaí idir dhá bhliain déag agus cúig bliana déag ón tseachtain seo chugainn.

Dúirt Stephen Donnelly inniu go raibh go leor machnaimh déanta ar an gceist ag an gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh sular mhol siad an vacsaín a thabhairt do lucht an aoisghrúpa sin.

Páistí san aoisghrúpa sin a dhíonadh ó dhrochthinneas is cúis leis an gcinneadh, a mhaígh sé.

Áirítear thart ar 269,000 leanbh a bheith i gceist agus tabharfar an vacsaín dóibh in ionaid vacsaínithe nó in ionaid dochtúirí teaghlaigh, a dúirt Stephen Donnelly.

Ceann de na vacsaíní mRNA - Pfizer nó Moderna - a thabharfar dóibh agus ní mór cead tuismitheora a fháil roimh ré.

Thug Stephen Donnelly le fios go bhfuiltear ag obair i gcónaí ar chuid de shonraí an phlean.