Tá líomhain faoi éigniú comhalta mná d'Óglaigh na hÉireann in óstán i mBaile Átha Cliath á fiosrú ag na Gardaí.

Líomhnaítear gur tharla an t-éigniú arú aréir san óstán atá ina ionad coraintín éigeantaigh faoi láthair.

Chuaigh an bhean chuig na Gardaí go moch ar maidin inné agus tugadh chun an ospidéil í.

Rinne na Gardaí scrúdú dlí-eolaíochta ar an áit agus tá íomhánnna ó cheamaraí slándála á scrúdú acu.

Níl aon duine gafa.