Tá bean 29 bliain d'aois gafa ag na póilíní i mBéal Feirste agus marú linbh sa chathar aréir á fhiosrú acu.

Deir na póilíní gur fiosrúchán dúnmharaithe atá ar bun acu.

Tugadh beirt leanaí chun an ospidéil tar éis eachtra a tharla i dteach i bPáirc an Ghleanna Aird i gceantar Ard Eoin i dtuaisceart Bhéal Feirste ag thart ar 8.15 aréir.

Cailleadh duine de na leanaí go gairid ina dhiaidh sin. Níl aois na leanaí deimhnithe ag na póilíní fós.

Dúirt feisire parlaiminte Bhéal Feirste Thuaidh, John Finucane ó Shinn Féin, go bhfuil muintir an cheantair suaite ag an méid a tharla agus go bhfuil daoine ag cuimhneamh anois ar an leanbh eile atá san ospidéal.

Dúirt feisire Stormont, Nichola Mallon ón SDLP, gur eachtra uafásach a bhí ann agus d'achainigh sí ar dhaoine cuidiú le fiosrúchán na bpóilíní.