Tá an chéad bhonn Oilimpeach buaite ag Éirinn agus an gradam cré-umha tugtha leo ag Aifric Keogh, Eimear Lambe, Fiona Murtagh agus Emily Hegarty i gcraobh na gceathrar sa rámhaíocht.

Ní tús mar a bhí uathu a bhí ag na hÉireannaigh agus é gaofar go maith, ach tháinig siad ar ais ón gcúigiú háit leath bealaigh tríd an gcúrsa, ag dul chun cinn sa deireadh ar an tSín agus an Bhreatain.

Faoin 200 méadar deireanach den rás bhí siad chun cinn ar an mBreatain, foireann a bhí sa tríú háit i gcaitheamh an ráis go dtí sin.

Ar deireadh, leathfhad glan a thug an bonn cré-umha d'fhoireann na hÉireann.

D'admhaigh Eimear Lambe gur údar imní dóibh nár thosaigh siad mar a bhí uathu ach dúirt sí nár chaill siad riamh a misneach.

Is as na Forbacha i gCo na Gaillimhe í Aifric Keogh, agus ag labhairt dó le RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, dúirt a hathair Jim, go raibh na mná thar a bheith bróduil as an ngaisce a bhí déanta acu agus nár stop a gcuid fón ag bualadh ó shin agus daoine ag déanamh comhghairdis leo.

Dúirt Jum Keogh freisin nach bhfuil aon rud beartaithe go fóill maidir le fáilte abhaile a chur roimh Aifric.

Fágfaidh an fhoireann Tóiceo roimh Dé hAoine, a dúirt sé.