Dúirt muintir an tsnámhóra Oilimpigh as Sligeach Mona McSharry go bhfuil siad an-bhródúil as an éacht a rinne sí cáiliú don chraobh 100 méadar i dTóiceo.

Tháinig Mona, atá 20 bliain d'aois, san ochtú háit - an áit dheireanach - sa chraobh ar maidin.

1:06.94 an t-am a bhí aici.

Ba í an déagóir as na Stáit Aontaithe Lydia Jacoby a bhuaigh an bonn óir, Tatjana Schoenmaker ón Afraic Theas a bhuaigh an bonn airgid agus Meiriceánach eile Lilly King a thug léi an bonn cré-umha.

I ndiaidh an ráis, dúirt Mona McSharry go ndearna sí a seacht ndícheall agus go bhfuil sí sásta leis an méid a bhí bainte amach aici ag na Cluichí Oilimpeacha go dtí seo.

Dúirt Aidan McSharry, athair Mona, go raibh a iníon fíorshásta gur éirigh léi dul chomh fada leis an gcraobh.

Glacfaidh sí páirt sa chomórtas snámha brollaigh 200 méadar i dTóiceo amárach.