Deirtear go bhfuil fear sna daichidí a chaith deich n-uaire an chloig san fharraige i gCo Lú inné suaite go maith ach go bhfuil sé ag teacht chuige féin san ospidéal.

Bhí an fear i gcontúirt ó d'iompaigh a bháidín inséidte béal faoi go luath tar éis dó dul san fharraige ag trá Bhaile an Fhaoitigh i nDún Dealgan ag thart ar mheán lae.

Cuireadh fios ar na seirbhísí tarrthála ag 9.45 aréir agus cuireadh cuardach ar an bhfear láithreach.

Bhí an tIonad Comhordaithe Tarrthála Mara i mBaile Átha Cliath, bád tarrthála Chill Chaoil, héileacaptar tarrthála 116 agus bád stiúrtha áitúil i measc na ndreamanna a a bhí páirteach sa chuardach.

Chualathas an fear ag ligean liú as agus tháinig lucht an bháid stiúrtha air san uisce go luath ina dhiaidh sin.

Tugadh amach as an uisce é agus tugadh go hOspidéal Beaumont é, mar a bhfuil cóir leighis á cur air.

Dúirt Gerard O'Flynn ón nGarda Cósta gur tháinig an fear slán mar go raibh gléas á chaitheamh aige a choinnigh ar uachtar uisce é.

D'achainigh sé ar dhaoine gan dul san fharraige ar bháidíní inséidte.

Mhaígh sé gur bréagáin atá iontu nár chóir a chur ag obair taobh amuigh den ghairdín cúil.