Tá daoine óga idir sé bliana déag agus seacht mbliana déag in ann clárú ar líne ó inniu don vacsaín Covid-19.

Tá saineolaithe sláinte poiblí ag achainí ar gach duine san aoisghrúpa seo an vacsaín a fháil ó tharla go bhfuil an t-athraitheach Deilte ar an gcoróinvíreas ag scaipeadh go tréan i measc daoine óga.

Dúirt ceannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid go raibh crua curtha orthu féin ag déagóirí ó thús na paindéime agus gur cheart a bheith bródúil as an gcaoi a ndeachaigh siad i ngleic léi.

Thug sé le fios go bhfuil sé mar aidhm an vacsaín a thabhairt do dhaoine óga idir sé bliana déag agus seacht mbliana déag go beo.

Taifeadadh 1,345 cás nua Covid-19 sa Stát inné agus ba dhaoine 45 bliain agus faoina bhun sin 87% acu. Aréir, bhí 141 duine le Covid-19 in ospidéil agus bhi 25 acu in aonaid dianchúraim.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan go bhfuil an líon cásanna Covid-19 ard in a lán contaetha agus go bhfuil ardú suntasach tagtha le coicís ar an líon daoine a cuireadh in ospidéil.