San Ísletír, tá féilte ceoil an tsamhraidh ar fad curtha ar ceal tar éis d'ardú tobann teacht ar líon na gcásanna nua Covid 19. Ach tá maolú tagtha i bhfeidhm sa tír sin ar na srianta a bhaineann le taisteal go tíortha eile san Aontas Eorpach.

'Siad na féilte atá i gceist ná iad siúd a bhí le leanúint ar aghaidh breis agus 24 uair.

Bhí na ticéidí ar fad díolta amach cheana féin i gcás cuid de na féilte atá curtha ar ceal. Bhí plean ann ar dtús tástálacha a dhéanamh ar an lucht freastail gach lá, ach rinneadh cinneadh go mbeadh sé sin róchásta.

Deir na húdaráis sláinte san Ísletír go mbaineann an t-ardú tobann ar chásanna leis an athraitheach Deilte.

Ach tá smacht áirithe á fháil ar líon na gcásanna nua. Inniu, cuir i gcás, fógraíodh 3,900 cás nua; coicís ó shin, bhí os cionn 10,000 cás nua á bhfógairt ar bhonn laethúil, an líon ab airde ó bhí mí Eanáir ann.