Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí tar éis do chorp mná a bheith faighte ag teach ag Slí na Faiche, taobh amuigh de Leic Snámha i gContae Chiarraí maidin inniu.

Tuigtear go raibh an bhean marbh le roinnt uaireanta faoin am a tháinig na Gardaí uirthi.

Tá scrúdú iarbháis le déanamh ar a corp. Déanfaidh na Gardaí cinneadh ina dhiaidh sin maidir le cén cineál fiosrúcháin go baileach a bheas i gceist.

Tá an teach inar aimsíodh an corp caomhaithe ag na Gardaí agus tá scrúdaithe teicniúla á ndéanamh air. Tá scrúdaithe le déanamh freisin ar fheithicil a aimsíodh taobh amuigh den teach.

Tá Leic Snámha suite fiche ciliméadar ó thuaidh ó Thrá Lí