Tá rabhadh aimsire Stádas Buí eisithe ag Oifig na hAimsire i leith báistí agus stoirmeacha toirní ar fud na hÉireann.

Beidh ceathanna troma báistí agus stoirmeacha toirní in iarthar na tíre ar dtús inniu agus leathnóidh siad soir tráthnóna.

Tá foláireamh tugtha ag Oifig na hAimsire go mb'fhéidir go mbeidh tuilte ann dá bharr agus tá fainic curtha ar thiománaithe a bheith an-chúramach ar na bóithre.

Beidh an rabhadh aimsire i bhfeidhm go dtí 5am maidin amárach, ach tá réamhaisnéis déanta go mbeidh báisteach throm ag titim go dtí maidin Déardaoin.

Idir an dá linn, bhí tuilte i Londain agus rinneadh damáiste do bhóithre, do thithe agus go stáisiúin iarnróid faoi thalamh dá mbarr.

Agus sa mBeilg, bhí na tuilte ba throime leis na scórtha bliain sa mbaile Dinant.