Deir na húdaráis sláinte i dTuaisceart Éireann go bhfuil breis leapacha dianchúraim á n-oscailt ag Iontaobhas Seirbhísí Sláinte Bhéal Feirst de bharr an mhéadaithe atá tagtha ar líon na n-othar atá á gcur isteach san ospidéal le Covid 19.

Tá na leapacha breise á gcur ar fáil in Ospidéal Chathair Bhéal Feirste mar go bhfuil na haonaid dianchúraim in Ospidéal Victoria Ríoga agus in Ospidéal an Mater faoi bhrú.

Bhí dianchúram de dhíth ar 15 othar sa bhreis le Covid 19 i dTuaisceart Éireann le seachtain anuas.

Níl sé curtha as an áireamh go mbeidh ar na seirbhísí sláinte an tarna aonad dianchúraim in Ospidéal Chathair Bhéal Feirste a oscailt freisin, má leantar den ardú tobann seo ar líon na n-othar sna hospidéil le Covid 19.

Dúirt urlabhraí ar son na n-údarás sláinte i dTuaisceart Éireann inniu go bhfuil na cúig hiontaobhas sláinte ó thuaidh faoi bhrú de bharr an ardaithe tobann ar chásanna agus de bharr líon na ndaoine atá ag fanacht ar obráidí agus ar chóir leighis eile freisin.

Fógraíodh 639 cás nua i dTuaisceart Éireann inniu. Níl bás ar bith eile deimhnithe. Tá 208 duine san ospidéal leis an ngalar agus 25 duine san aonad dianchúraim.