Tá sé iarrtha ag óstánaithe na tíre ar an rialtas soiléiriú a dhéanamh an tseachtain seo ar líon na ndaoine a mbeidh cead acu a bheith i láthair ag bainiseacha ó 5 Lunasa.

De réir an mhúnla athoscailte, beidh cead ag 100 duine a bheith i láthair ón dáta sin, ach níl sé deimhnithe go dtiocfaidh an t-ardú sin i bhfeidhm mar atá beartaithe. Faoi láthair, ceadaítear 50 aoi agus an tseachtain seo caite, dúirt an Tánaiste, Leo Varadkar, gur chóir do lánúineacha leanúint ar aghaidh ag pleanáil ar an mbonn sin.

Ni fios go fóill an mbeidh aon ról ag córas an teastais dhigitigh ag bainiseacha sa chás go bhfuil na haíonna ar fad iomlán vacsaínite nó sa chás go raibh Covid 19 orthu cheana féin le sé mhí anuas.

Dúirt Cónaidhm na nÓstán inniu go dtuigeann siad go gcaithfear tús áite a thabhairt don tsláinte phoiblí agus go gcaithfidh an rialtas an chothromaíocht cheart a bhaint amach.

Ach tá iarrtha ag an gCónaidhm ar an rialtas a chur san áireamh gur daoine fásta den chuid is mó a bhíonn ag freastal ar bhainiseacha, agus gur mar sin, go mbeadh go leor acu iomlán vacsaínithe. Ina theannta sin, bíonn bainiseacha ar siúl go minic i seomraí ollmhóra ina bhfuil córas aerála.

Thug an Chónaidhm le fios i ráiteas inniu go bhfuil go leor lánúineacha tar éis a mbainis a chur ar athló trí nó ceithre huaire cheana féin agus anois, arís - coicís roimh a n-iarracht is déanaí - tá siad fós ag fanacht ar shoiléiriú faoi líon na ndaoine a mbeidh cead acu a bheith i láthair.