Ón lá inniu, den chéad uair ó mhí na Nollag, beidh cead ag custaiméiri greim a ithe agus deoch a ól taobh isitgh i mbialanna agus i dtithe tábhairne na tíre.

Ceadófar daoine atá iomlán vacsaínithe, daoine a raibh Covid 19 orthu cheana féin le sé mhí anuas agus a leanaí.

Rinneadh cáineadh ar chuid de na treoirlínte a fógraíodh dé hAoine, ina measc, go mbeadh gá le rianú teagmhálacha ag na doirse. Dúirt úinéirí gnónna agus ionadaithe ar an earnáil go mbeadh an iomarca maorlathais ag baint leis sin agus go mbeadh scuainí ag na doirse dá bharr. Aontaíodh athrú déanach ar an treoirlíne sin aréir, áfach; anois, glacfar sonraí duine amháin as gach páirtí, seachas sonraí an pháirtí ar fad.

Fógraíodh dé hAoine freisin go mbeadh ar ghnónna taifead a choimeád de na háiteanna a raibh gach duine ina shuí. Tá an treoir sin anois caite i dtraipéisí freisin.

Thug Adrian Cummins ó Chumann na mBialann le fios nár cuireadh an cumann ar an eolas faoi na leasuithe déanacha seo go dtí meánoíche aréir.