Báthadh fear sna seascaidí agus é ag snámh amach ó thrá Chnocán Doirinne i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath inniu.

Tuigtear go ndeachaigh an fear i gcontúirt san uisce ag thart ar 1.30.

Thug na seirbhísí éigeandála amach as an uisce é agus rinne siad athbheochan chardascamhógach air.

Cailleadh an fear ar an láthair, áfach.

Tugadh a chorp go Marbhlann Chathair Bhaile Átha Cliath, mar a ndéanfar scrúdú iarbháis air.