D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 1,386 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

Tá 106 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, sin aon duine dhéag níos mó ná inné. Tá 22 duine acu in aonaid dianchúraim, sin duine níos lú ná inné.

Léirigh an Leas-Phríomhoifigeach Leighis an Dr Rónán Glynn a mhíshásamh le heolas bréagach agus míchruinn atá ar líne faoin vacsaín in aghaidh an ghalair.

D'achainigh sé ar dhaoine dul i muinín foinsí barantúla agus iad ag lorg eolais faoin vacsaín.

Deimhníodh inniu chomh maith go bhfuair duine eile le Covid-19 bás sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,337 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,167 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 146,200 duine ó thús na paindéime.

Tá 163 othar le Covid-19 in ospidéil ó thuaidh, i gconchlann le 162 inné. Tá sé dhuine dhéag acu in aonaid dianchúraim, sin seisear níos mó ná inné.