Is iad na dornálaithe Kellie Harrington agus Brendan Irvine a bhí ag ceann fhoireann na hÉireann ag searmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha i staid náisiúnta na Seapáine i dTóiceo inniu.

Tá lúthchleasaithe na hÉireann le páirt a ghlacadh i naoi gcinn déag den 32 comórtas ag na Cluichí Oilimpeacha i mbliana.

Lasadh an spéir os cionn na staide le tinte ealaíne agus tús oifigiúil á chur leis na Cluichí, agus bhí nóiméad tosta ann in ómós na ndaoine ar fud an domhain a cailleadh le Covid-19 ó thús na paindéime.

B'éigean na Cluichí a chur ar athló ar feadh bliana de bharr na paindéime agus ní raibh ach míle duine sa staid mar gheall ar rialacha faoi scaradh sóisialta.

Dúirt Kellie Harrington nach bhfuil aon imní uirthi faoi Covid-19 agus go bhfuil sí ag díriú ar a bhfuil le baint amach aici féin sa chró dornálaíochta.

Bhí na Cluichí Oilimpeacha ar siúl i dTóiceo cheana, i 1964.