Bhí sochraid iarcheannaire an Pháirtí Dhaonlathaigh Des O'Malley a fuair bás arú inné ar siúl i mBaile Átha Cliath innu.

Mar gheall ar shrianta Covid-19 ní raibh cead ach ag leathchéad duine a bheith i láthair ag an Aifreann éagnairce i Séipéal an Chroí Rónaofa i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath, a sheisear clainne ina measc.

Bhi Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins agus roinnt polaiteoirí ó pháirtithe éagsúla i láthair freisin.

Bhí Des O'Malley ina Theachta Dála idir na blianta 1968 agus 2002.

Teachta Dála agus Aire Rialtais Fhianna Fáil a bhí ann i dtosach ach bhunaigh sé páirtí nua - an Páirtí Daonlathach - i 1985.

Bhí sé ina cheannaire ar an bPáirtí Daonlathach go dtí 1993. Scoireadh an páirtí sin in 2009.

D'éirigh Des O'Malley as an saol poiblí in 2002.

Dúirt duine de cheiliúraithe Aifreann na sochraide an tAthair Gerard O'Connor go raibh sé féin i measc na ndaoine a chuaigh isteach sa Pháirtí Daonlathach nuair a bunaíodh é mar go raibh sé ag iarraidh lorg Des O'Malley a leanacht agus "an múnla [polaitíochta in Éirinn] a bhriseadh."

Tá Des O'Malley molta go hard ag polaiteoirí faoin oidhreacht pholaitiúil atá fágtha le huacht aige.