Tá sé tugtha le fios ag breitheamh Ardchúirte i mBéal Feirste gur róchosúil go bhféadfadh na seirbhísí slándála ionsaí buamála na hÓmaí i 1998 a chosc dá ngníomhóidís mar ba cheart roimh ré.

I measc rudaí eile, a dúirt an Breitheamh Mark Horner, d'fhéadfadh a raibh ar eolas acu faoi ghníomaíochtaí easaontóirí poblachtánacha ar dhá thaobh na teorann a bheith curtha san áireamh ag na seirbhísí slándála.

Maraíodh 29 duine agus beirt pháistí nach raibh tagtha ar an saol fós nuair a phléasc buama mór i ngluaisteán a bhí fághta ag an bhFíor-IRA i lár na hÓmaí, Co Thír Eoghain, ar an 15 Lúnasa 1998.

Mhol an Breitheamh Horner do Rialtas na Breataine fiosrúchán cearta daonna a bhunú faoi conas mar a tharla an t-uafás.

Dúirt sé nach n-ordódh sé fiosrúchán poilbí, mar atá á éileamh ag gaolta na marbh, mar nár theastaigh uaidh a bheith "saintreorach."

Dúirt an breitheamh cé nach raibh sé de chumhacht aige aon ordú a thabhairt do Rialtas na hÉireann go raibh súil aige go mbunófaí fiosrúchán cearta daonna sa Phoblacht chomh maith.

Tá a fhios cheana féin go bhfuair lucht faisnéise na bpóilíní sa Tuaisceart glao teileafóin aon lá dhéag roimh an sléacht ó dhuine anaithnid a mhaígh go mbeadh ionsaí buamála san Ómaigh ar an 15 Lúnasa.

Níor thug an duine sin aon eolas do na póilíní faoi cén t-am ná cén áit go baileach a dtarlódh sé.

Níor chuir lucht faisnéise an t-eolas sin ar aghaidh chuig na póilíní áitiúla san Ómaigh, áfach, mar ba chóir dóibh.

In 2013, d'iarr Michael Gallagher, ar maraíodh a mhac Aiden sa bhuamáil, athbhreithniú breithiúnach ar chinneadh Rialtas na Breataine gan fiosrúchán poiblí a bhunú.

Dar le Stát-Rúnaí an Tuaiscirt ag an am, Theresa Villiers, gurbh fhearr ligean d'ombudsman na bpóilíní an fiosrúchán a dhéánamh.