Tá buachaill cúig bliana déag a tugadh amach as an uisce i Loch Síleann i lár tíre Dé Máirt seo caite tar éis bháis san ospidéal.

Bhí an t-ógánach ag snámh sa loch nuair a chuaigh sé i gcontúirt.

Tugadh amach as an uisce é agus tugadh é go hOspidéal Ollscoile na Leanaí, Sráid Temple, mar ar bhásaigh sé tráthnóna inné.

Dé Luain seo caite, báthadh buachaill eile trí bliana déag i loch i Scarbhach, Co an Dúin.

Bhásaigh beirt fhear agus bean de bharr a mbáite i dtrí loch éagsúla arú inné.