Níl aon ghlacadh ag an tSín le plean na hEagraíochta Domhanda Sláinte an dara fiosrúchán a dhéanamh sa tír faoi bhunús Covid-19.

Tá sé i gceist ag an eagraíocht a fhiosrú an bhféadfadh sé gur éalaigh an víreas den chinniúint ó shaotharlann i gcathair Wuhan.

Sa chathair sin i lár na Síne a tháinig an coróinvíreas chun cinn ag deireadh na bliana 2019.

Creidtear faoi láthair gur ó ialtóga a leath an víreas i dtosach agus ina dhiaidh sin ó ainmhithe a bhí á ndíol ag margadh i Wuhan.

D'fhiosraigh foireann saineolaithe ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an scéal i Wuhan i dtús na bliana agus thug siad le fios an tráth úd gur éadóigh go mór gur ó shaotharlann a tháinig Covid-19.

Ó shin, áfach, tá sé ráite ag an eagraíocht nach bhfuil dóthain faisnéise faighte acu ón tSín faoin gcaoi ar tháinig an víreas chun cinn.

Dúirt na húdaráis sláinte sa tSín inniu nach nglacfaí leis an dara fiosrúchán, nach luíonn plean na heagraíochta le ciall agus go deimhin go dtagann sé salach ar an eolaíocht.