Tá feidhm i gcónaí leis an bhfógra flannbhuí aimsire a d'eisigh Met Éireann arú inné d'áiteanna i sé chontae i lár tíre.

Sin iad an Cabhán, Muineachán, deisceart Liatroma, Ros Comáin, an Longfort agus an Iarmhí.

Deir na meitéareolaithe go bhféadfadh an teocht a bheith chomh hard le 30 céim arís inniu agus nach dtitfidh sé faoi bhun 20 céim i gcaitheamh na hoíche sna ceantair sin.

Beidh feidhm leis an bhfógra aimsire go dtí 9 a chlog maidin Dé Sathairn.

Tá feidhm i gcónaí freisin leis an bhfógra buí aimsire don chuid eile den tír, mar a mbeidh sé an-te arís inniu agus meirbh meathánta anocht.

Beidh sé néaltach rosamhach in áiteanna inniu, agus beidh sé níos fionnuaire cois cósta sa deisceart agus san oirthear de bharr an fheothain.

Idir 26 agus 29 céim is airde a bheas an teocht trí chéile.

Taifeadadh an teocht ab airde in Éirinn go dtí seo i mbliana i gCaisleán na Deirge i gCo Thír Eoghain inné, mar a raibh sé chomh te le 31.3 céim ar feadh scaithimh.