Tá sé aontaithe ag an Rialtas go bhféadfar seirbhísí bia agus dí a chur fáil taobh istigh arís ón Luan seo chugainn do dhaoine atá iomlán vacsaínithe in aghaidh Covid-19 agus do dhaoine a fuair biseach ón aicíd.

Shínigh an tUachtarán Michael D Higgins an reachtaíocht chuí níos túisce inniu.

De réir na reachtaíochta, ní bheidh teorainn leis an méid ama a cheadófar do chustaiméirí fanacht i mbialanna agus i dtithe tábhairne.

Beidh ar na háiteanna sin dúnadh ag 11.30 san oíche ar a dhéanaí.

Beidh cead ag suas le seisear a bheith ar aon bhord le chéile agus caithfear boird a choinneáil méadar óna chéile.

Tá aip le forbairt ag an Rialtas a ligfeas do lucht gnó teastais Covid-19 a gcuid custaiméirí a dheimhniú ag an doras.