Thug an Roinn Sláinte le fios tráthnóna gur taifeadadh 1,378 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

Tá 96 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, sin seachtar níos mó ná inné. Tá 22 duine acu in aonaid dianchúraim, sin beirt níos mó ná inné.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis an Dr Rónán Glynn go bhfuil an líon cásanna nua den ghalar ag ardú idir 6% agus 7% gach lá.

Thug sé le fios freisin gur i measc daoine idir 19-24 bliain agus 16-18 bliain is mó atá an galar ag scaipeadh.

Fógraíodh inniu chomh maith go bhfuair beirt eile le Covid-19 bás sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,973 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,166 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 143,433 duine ó thús na paindéime.

Tá 134 othar le Covid-19 in ospidéil ó thuaidh, sin sé dhuine dhéag níos mó ná inné. Tá ochtar acu in aonaid dianchúraim, beirt níos mó ná inné.