Tuigtear go bhfuil gléas scanta le cur ar fáil ag an Rialtas do lucht gnó chun teastais Covid-19 a gcuid custaiméirí a dheimhniú.

Tá an scéal á phlé ag cruinniú Rialtais inniu.

Thug Cónaidhm Thábhairneoirí na hÉireann le fios go bhfuil sé i gceist ag tábhairneoirí iarraidh ar chustaiméirí a dteastais Covid-19 a thaispeáint dóibh sula bhfreastalóidh siad orthu.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt urlabhraí na dtábhairneoirí Michael O'Donovan go mbeidh ball foirne ag seiceáil na dteastas ag an doras.

Dúirt Michael O'Donovan chomh maith go bhfuil cúrsaí aerála i gcóir sa chuid is mó de thábhairní agus go bhfuil gléasra breise monatóireachta agus íontóireachta suiteáilte ag roinnt úinéirí.

Dar leis na tábhairneoirí go bhfuil gach rud faoi réir acu in am don Luan seo chugainn, tráth a chuirfear seirbhísí taobh istigh ar fáil arís i dtithe tábhairne agus i mbialanna.

Tá an t-ardú ar an líon cásanna Covid-19 á chaibidil ag an gcruinniú Rialtais inniu freisin.

Taifeadadh 1,110 cás nua den ghalar inné agus tá 89 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre.