Leagfaidh Rialtas na Breataine amach níos deireanaí inniu roinnt athruithe atá siad ag iarraidh a dhéanamh ar Prótacal an Tuaiscirt.

Aontaíodh an prótacal mar chuid den socrú faoi imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach agus iarracht atá ann "teorainn chrua" trádála in Éirinn a sheachaint

De réir an phrótacail, caithfear earraí áirithe a chuirtear chun an Tuaiscirt ón mBreatain a sheiceáil sula ligfear isteach ann iad agus tá an ghné seo den socrú ach go háirithe ina húdar aighnis.

Maíonn Rialtas na Breataine go deimhin nach féidir leanúint de.

Tá Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis agus Aire Gnóthaí Eorpacha na Breataine David Frost le ráitis a dhéanamh inniu i bParlaimint Westminster agus i dTeach na dTiarnaí maidir leis na leasuithe ar an bprótacal atáthar a mholadh.

Thug Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson eolas faoi na moltaí don Taoiseach Micheál Martin ar fhísghlao inné.

Ar maidin, dúirt an tAire Stáit a bhfuil cúraimí an Aontais Eorpaigh air Thomas Byrne go gcaithfear teacht ar réiteach de réir an tsocraithe atá ann cheana féin.