D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 1,110 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

Tá 89 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, sin dáréag níos lú ná inné. Tá 21 duine acu in aonaid dianchúraim, sin duine breise ó inné.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis an Dr Rónán Glynn gur tuairiscíodh beagnach 7,700 cás Covid-19 le seachtain agus gurb in méadú 88% ón tseachtain roimhe sin.

Thug an Dr Glynn le fios gurb iad Dún na nGall, Lú, Baile Átha Cliath, Luimneach agus Gaillimh na cúig chontae faoi seach ina bhfuil na rátaí coicísiúla is airde.

Contae

Ráta 14 lá de réir daonra

Dún na nGall

725/100,000

474/100,000

Baile Átha Cliath

307/100,000

Luimneach

258/100,000

Gaillimh

257/100,000

Deimhníodh inniu chomh maith go bhfuair duine eile le Covid-19 bás sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,138 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,164 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 141,460 duine ó thús na paindéime.

Tá 118 othar le Covid-19 in ospidéil ó thuaidh, sin naonúr níos mó ná inné. Tá seisear acu in aonad dianchúraim, duine níos lú ná inné.