Tá fógra aimsire a bhfuil stádas flannbhuí leis eisithe ag Met Éireann agus an teocht le bheith chomh hard le 30 céim inniu in áiteanna i sé chontae i lár tíre.

Sin iad an Cabhán, Muineachán, Liatrom, Ros Comáin, an Longfort agus an Iarmhí.

Fógra buí atá tugtha don chuid eile den tír, mar a mbeidh an teocht is airde idir 25 agus 29 céim.

Dá iontaí é, d'fhéadfadh frasa troma fearthainne titim amach sa lá i lár tíre agus san iarthar.

Chomh maith leis an teas mór i mbolg an lae, beidh meirfean i gcónaí ann tráth an chlapsholais agus i gcoim na hoíche.

Go deimhin, ní thitfidh an teocht faoi bhun ceithre chéim déág - seacht gcéim déag in áiteanna - i gcaitheamh na hoíche.

Beidh feidhm leis an bhfógra buí aimsire go dtí 9 a chlog ar maidin Dé hAoine.

Idir 26 agus 30 céim a bheas an teocht is airde arís amárach agus Déardaoin, cúig chéim déag istoíche.

Cé go mbeidh idir chith agus ghealán ann Dé hAoine, beidh sé meirbh marbhánta go fóill.

Táthar ag iarraidh ar dhaoine ungadh gréine a chur orthu féin, súil a choinneáil ar dhaoine leochaileacha a d'fhéadfaidh titim i laige, a bheith cúramach agus iad ag snámh agus go deimhin uisce a chaomhnú.